Stair na hEagraíochta
B'é 1997 comóradh an chéid den chéad chéilí foirmeálta. Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann (Comóradh an Chéid) i 1996 chun an ócáid sin a chomóradh agus chun suim sa rince céilí a athbheochaint ar fud na tíre. Eagraíodh ranganna agus ceardlainn ar fud na tíre agus bhí ceithre Fíor Chéilí Chúige ina dhiaidh sin. Bhí Fíor Chéilí Laighean i Ballyroan, Co. Laois, Fíor Chéilí Uladh i Galbally, Co. Thír Eoghain, Fíor Chéilí Chonnacht i Tooreen, Co. Mhaigh Eo agus Fíor Chéilí na Mumhan in Askeaton , Co. Luimní. Ag deireadh na bliana bhí deireadh seachtaine náisiúnta den rince céilí i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. I rith na deireadh seachtaine sin bhí ceardlainn, cúrsa do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh, trí Fhíor Chéilí, Fíor Chéilí na nÓg, léacht faoi stair an rince céilí a thug Maitiú Ó Maoiléidigh go ndéana Dia grásta ar a anam, seirbhís de chuid Eaglais na hÉireann agus Aifreann á ceiliúradh ag an Easpaig Seosamh Ó Dufaigh, an t-Ath. Finnian Connaughton agus an t-Ath. Seán Clerkin.
Nuair a bhí comóradh an chéid thart bhí gach duine ar aon intinn gur cheart eagraíocht náisiúnta a bhunú chun an rince céilí neamhchomórtasach a chur chun cinn ar fud na tíre agus toghadh coiste náisiúnta chun an obair sin a dhéanamh. Is eagraíocht náisiúnta, cultúrtha, deonach í Cairde Rince Céilí na hÉireann atá freagrach as an rince céilí neamhchomórtasach a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na tíre. Gabhann an eagraíocht buíochas leis an gComhairle Ealaíon as roinnt cúnaimh airgid a thabhairt dúinn.
Eagraíonn Cairde Rince Céilí na hÉireann agus na clubanna áitiúla ranganna, ceardlainn agus Fíor Chéilithe (oícheanta den rince céilí) do dhaoine fásta ar fud na tíre. Tá an coiste náisiúnta freagrach as clubanna nua a bhunú agus cabhrú leis na clubanna nua ranganna agus an chéad Fhíor Chéilí a eagrú. Bíonn na himeachtaí go léir a eagraíonn Cairde Rince Céilí na hÉireann ar siúl in áiteanna atá saor ó alcól.
Eagraítear cúrsaí agus scrúdaithe cáilithe do dhaoine gur suim leo an rince céilí a mhúineadh. Tá fáilte roimh múinteoirí rince céilí atá cáilithe cheana féin trí eagraíochtaí eile teagmháil a dheánamh linn má tá suim acu an rince céilí neamhchomórtasach a mhúineadh ina gceantair féin.
Is é an obair is mó a dhéanann Cairde Rince Céilí na hÉireann ná cúrsaí ocht seachtaine sa rince céilí a eagrú i mbunscoileanna agus i meánscoileanna ar fud na tíre. I ndiaidh na cúrsaí sin eagraítear Fíor Chéilithe na nÓg i ngach ceantair ina bhfuil na cúrsaí sin ar siúl. Ónar bunaíodh é, tá Cairde Rince Céilí na hÉireann i ndiaidh an rince céilí a mhúineadh do níos mó ná 10,000 páiste gach bliain. Is tuar dóchais é an dul chun cinn atá déanta againn do thodhchaí an rince céilí - rince dúchais na hÉireann. Tá sé ar intinn ag an eagraíocht tógáil ar an obair atá déanta cheana féin.