Skip to content

Fáilte go suíomh idirlín Chairde Rince Céilí na hÉireann Baile

Select Language
Clooneycolgan
previous arrow
next arrow

Bunaíodh Cairde Rince Céilí na hÉireann sa bhliain 1996. Is eagraíocht náisiúnta dheonach chultúrtha í atá freagrach as an rince céilí neamhiomaíoch a chur chun cinn i measc gach aoisghrúpa ar fud na hÉireann. Déantar seo trí ranganna seachtainiúla, ceardlanna, Fíor-Chéilithe agus cúrsaí múinteoireachta a eagrú. Bíonn na himeachtaí go léir ar siúl i suíomhanna atá saor ó alcól. Tá eolas breise faoi ghach gné d’obair na heagraíochta, liosta iomlán Fhíor-Chéilithe ar fud na hÉireann san áireamh, ar fáil ón gclár ar chlé.