• 2016-04-30-21.49.16.jpg
  • Clooneycolgan.jpg
  • Coiste-2023.jpg
  • Mount-Merrion.jpg

Gach bliain, eagraíonn Cairde Rince Céilí na hÉireann cúrsaí lae do dhaoine atá ag iarraidh an Teastas i dTeagasc Rince Céilí a bhaint amach.

CLÚDAÍONN NA CÚRSAÍ:

  • Na damhsaí as Ár Rincí Foirne agus conas iad a mhúineadh.
  • Ceisteanna scríofa samplacha
  • Trialacha ceoil
  • Na céimeanna go léir agus conas iad a mhúineadh
  • Cleachtadh múinteoireachta - céimeanna agus gluaiseachtaí
  • Modhanna múinteoireachta
  • Conas rang a phleanáil
  • Conas rang a bhainistiú
  • Ábhar i.e. bileog agus téip chun cabhair a thabhairt don iarrthóir ullmhú don scrúdú Gaeilge

AN SCRÚDÚ:

  1. Scrúdú scríofa ar na damhsaí atá foilsithe in Ár Rincí Foirne.
  2. Scrúdú ceoil - bíonn ar na hiarrthóirí an ceol do dhamhsaí ar nós Aoibhneas na Bealtaine, Turas chun an tí &rl. a aithint.
  3. Céimeanna a dhéanamh agus a mhúineadh
  4. Gluaiseachtaí a mhúineadh - damhsa gearr éasca agus píosa nó píosaí as damhsa níos deacra a mhúineadh.
  5. Gaeilge - bunaithe ar bheannachtaí simplí, ainmneacha na ndamhsaí agus téarmaí bunúsacha.

COSTAIS:

  • Cosnaíonn na cúrsaí lae €15 (£12 stg.).
  • Is é an táille scrúdaithe ná €50 (£40 stg.). Ní ghearrtar aon táille ar iarrthóirí atá ag dul faoi scrúdú don dara nó don tríú huair.

CONAS IARRATAS A DHÉANAMH:

  • Bíonn fáilte roimh dhuine ar bith le roinnt eolais ar an rince céilí freastal ar na cúrsaí traenála. Caithfear áit a chur in áirithe leis an rúnaí náisiúnta roimhré. Foilsítear dátaí na gcúrsa ar www.ceilidancing.com, agus ar liosta na n-imeachtaí a scaiptear ar na clubanna go léir agus ag na céilithe.
  • Caithfear freastal ar chúrsa traenála amháin ar a laghad roimh an scrúdú. Cuirtear foirmeacha iarratais don scrúdú chuig daoine a bhí ag freastal ar na cúrsaí.

 

Comhghairdeas lenár múinteoir nuacháilithe, Ciara O'Grady ó Loch Garman

Site by KMA Solutions