Eagraíonn an Coiste Náisiúnta deireadh seachtaine náisiúnta rince céilí gach trí bliana. Ag an ócáid seo bíonn Fíor-Chéilithe, ceardlanna, cúrsa traenála do dhaoine le suim sa múinteoireacht, aifreann &rl. Go dtí seo bhí siad ar siúl i gColáiste Phádraig, Má Nuad (1997 agus 2001); Coláiste Mhuire, Gaillimh (2004) agus Ionad Spioradálta agus Comhdhála Dhroim an tSiadháin, An Iúr, Co. an Dúin (2007, 2010, 2013, 2016 agus 2019).